Ghlac an Coimisiún Eorpach tograí nua lena laghdófar an rómhaorlathas agus lena simpleofar rialacha an Aontais do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Sa Chompás Iomaíochais a bhí ann le déanaí, leag an Coimisiún amach an fhís atá aige chun geilleagar an Aontais a dhéanamh níos rathúla agus níos iomaíche, é ag tógáil ar na moltaí i dtuarascáil Draghi. Chun an t-iomaíochas a fháil ar ais agus chun borradh a chur faoin bhfás, ní mór don Aontas timpeallacht fhabhrach ghnó a chothú agus a chinntiú go mbeidh rath ar chuideachtaí. Is é is aidhm don chéad dá phacáiste Omnibus, mar a thugtar orthu, de bhearta simpliúcháin é sin a bhaint amach. Díreoidh na bearta na hoibleagáidí tuairiscithe inbhuanaitheachta ar na cuideachtaí is mó ar dóichí go mbeidh na tionchair is mó acu ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, agus cinnteoidh siad nach gcuirfidh siad ualach ar chuideachtaí beaga. Cumhdaítear sa chéad phacáiste sin céimeanna chun an méid seo a leanas a dhéanamh: Tuairisciú inbhuanaitheachta a dhéanamh níos inrochtana agus níos éifeachtúla Dícheall cuí a shimpliú chun tacú le cleachtais ghnó fhreagracha An sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a shimpliú le haghaidh trádáil níos cothroime Deiseanna i gcláir infheistíochta Eorpacha a dhíghlasáil Cuirfear na tograí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle anois lena mbreithniú agus lena nglacadh. Ina chlár oibre do 2025, d’fhógair an Coimisiún sraith beart chun aghaidh a thabhairt ar rialacha forluiteacha, neamhriachtanacha nó díréireacha lena gcruthaítear bacainní do chuideachtaí an Aontais. I dteannta a chéile, leis na bearta sin, is mian leis an gCoimisiún ualaí riaracháin a laghdú 25%, agus 35% i gcás gnólachtaí beaga agus meánmhéide, faoi dheireadh a shainordaithe in 2029. Tuilleadh eolais Ceisteanna agus Freagraí – Pacáiste Omnibus Rialacha an Aontais a shimpliú agus borradh a chur faoin iomaíochas – Omnibus I InvestEU – an tAontas Eorpach – Omnibus II Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan Preaseisiúint: Simpliú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na rialacha maidir leis an inbhuanaitheacht agus infheistíochtaí an Aontais, rud a thugann faoiseamh riaracháin dar luach breis agus €6 bhilliún Sonraí Dáta foilsithe26 Feabhra 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide