Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
An Coimisiún Eorpach

Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe

Forléargas

Riamh anall, ba mhór-roinn tionsclaíochta, fiontraíochta agus nuálaíochta í an Eoraip, ós dual di í féin a athchruthú trí réabhlóidí tionsclaíocha agus teicneolaíochta, trí iomaíocht dhomhanda, agus de bharr mar a bhíonn athrú ag teacht ar an tsochaí féin.

Tháinig muid slán ó shuaitheadh na ndianghlasálacha agus muid níos láidre fós, sháraíomar géarchéim fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, agus bhaineamar é sin amach in éineacht le chéile a bhuí le hathléimneacht agus diongbháilteacht. Mar sin féin, ní mór borradh mór a chur faoinár n-iomaíochas anois. Tá an geilleagar domhanda ag athrú go tapa. 

Ní mór dúinn gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun iomaíochas na hEorpa a chosaint agus a threisiú, agus i leith gníomhaithe domhanda eile, an rathúnais agus na cothroime freisin. Cuirtear tús leis sin tríd an ngnó a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla, agus ár margadh aonair a dhoimhniú ar fud na n-earnálacha uile. Leis an gcompás iomaíochais, arb é an chéad mhórthionscnamh de chuid an Choimisiúin nua é, leagfar amach an obair a bheidh á déanamh againn amach anseo agus muid ag cur le tuarascáil Draghi.

Príomhfhigiúirí

50%
sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i nginiúint leictreachais sa chéad leath de 2024, an sciar is airde riamh
suas le € 4 mbilliún,
le haghaidh infheistíocht i dtaighde ar an intleacht shaorga agus i gcur in úsáid na hintleachta saorga don tréimhse 2024-2027
75.8%
an líon daoine idir 20 agus 64 bliana d’aois a raibh post acu sa dara ráithe de 2024, an líon is airde riamh

Cuspóirí

  • Cúrsaí gnó a éascú

    chun fás eacnamaíoch a chothú

  • Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan

    chun tacú le tionscail iomaíocha an Aontais agus poist ardcháilíochta a chruthú

  • Geilleagar níos ciorclaí agus níos athléimní

    chun aistriú go cleachtais táirgthe agus tomhaltais níos inbhuanaithe

  • Borradh a chur faoin táirgiúlacht trí scaipeadh na teicneolaíochta digití

    chun iomaíochas an Aontais a neartú agus a bheith ar thús cadhnaíochta i nuálaíocht na hintleachta saorga

  • Taighde agus nuálaíocht a chur

    i gcroílár ár ngeilleagair

  • Borradh as cuimse a chur faoin infheistíocht

    chun dlús a chur leis an aistriú glas, digiteach agus sóisialta

  • Dul i ngleic leis na bearnaí scileanna agus saothair

    chun gairmeacha agus iomaíochas eacnamaíoch daoine a fheabhsú

An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach

Sna blianta beaga amach romhainn, chun iomaíochas agus rathúnas na hEorpa a chinntiú, déanfaimid an méid seo a leanas:

Cúrsaí gnó a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla

Comhaontú nua maidir le Tionsclaíocht Ghlan a fhorbairt

Oibriú i dtreo geilleagar níos ciorclaí agus níos athléimní

Borradh a chur faoin táirgiúlacht trí scaipeadh na teicneolaíochta digití

Taighde agus nuálaíocht a chur i gcroílár ár ngeilleagair

Borradh as cuimse a chur faoin infheistíocht

Dul i ngleic leis na bearnaí scileanna agus saothair

An dul chun cinn go dtí seo

Monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, iad a leanúint agus coinneáil cothrom le dáta leo

  1. Bealtaine 2025

    Chuir an Coimisiún i láthair treochlár REPowerEU chun neamhspleáchas iomlán fuinnimh an Aontais ar an Rúis a chinntiú

  2. Aibreán 2025

    Cuireadh i láthair plean gníomhaíochta na mór-roinne um an intleacht shaorga chun an chéad chéim eile den intleacht shaorga san Eoraip a mhúnlú

  3. Márta 2025

    Chuir an Coimisiún i láthair aontas na scileanna, ar plean é chun oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán a fheabhsú

    Seoladh an plean gníomhaíochta tionsclaíochta d’earnáil mótarfheithiclí na hEorpa

    Cuireadh i láthair an plean gníomhaíochta chun tionscal cruach agus miotal atá iomaíoch agus dícharbónaithe a chinntiú

    Chuir an Coimisiún i láthair an straitéis um an aontas coigiltis agus infheistíochta chun deiseanna airgeadais a fheabhsú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí

    Mhol an Coimisiún gníomh um tháirgí íocshláinte criticiúla chun borradh a chur faoi sholáthar cógas leighis criticiúil

  4. Feabhra 2025

    Cuireadh i láthair an chéad phacáiste tograí chun an rómhaorlathas a laghdú agus an timpeallacht ghnó a shimpliú

    Glacadh an plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne chun costais fuinnimh a laghdú do theaghlaigh agus do thionscail

    Seoladh an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan ar mhaithe le hiomaíochas agus dícharbónú an Aontais

I lár an aonaigh

Cé atá i gceannas

Portrait of Teresa Ribera Rodríguez

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Aistriú Glan, Cóir agus Iomaíoch

Portrait of Henna Virkkunen

An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas

Portrait of Roxana Mînzatu

An Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chearta Sóisialta agus Scileanna, um Poist Ardcháilíochta agus um Ullmhacht

Portrait of Valdis Dombrovskis

An Coimisinéir um an nGeilleagar agus Táirgiúlacht; Cur Chun Feidhme agus Simpliú

Portrait of Wopke Hoekstra

Coimisinéir um an Aeráid, Glan-nialasacht agus Fás Glan

Portrait of Ekaterina Zaharieva

An Coimisinéir um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus um Thaighde agus Nuálaíocht