Seasann Global Gateway do naisc inbhuanaithe iontaofa a oibríonn do dhaoine agus don phláinéad. Cuidíonn sé chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda is práinní, lena n-áirítear an t-athrú aeráide a chomhrac, córais sláinte a fheabhsú, agus borradh a chur faoi iomaíochas agus faoi shlándáil na slabhraí soláthair domhanda. Sa spotsolas Foinsí fuinneamh in-athnuaite a mhéadú san AfraicSheol an Coimisiún Eorpach agus Poblacht na hAfraice Theas, in éineacht le Global Citizen, an feachtas gealltanais dar teideal ‘Uas-scálú a dhéanamh ar Fhoinsí In-athnuaite Fuinnimh san Afraic’. Leis an bhfeachtas, slógfar infheistíochtaí chun dlús a chur le tionscadail fuinnimh in-athnuaite ar fud na hAfraice agus cuideofar le daoine rochtain a fháil ar fhuinneamh inacmhainne agus le hastaíochtaí domhanda a laghdú.Tuilleadh eolais faoin bhfeachtas ‘Uas-scálú a dhéanamh ar Fhoinsí In-athnuaite Fuinnimh san Afraic’ Forbhreathnú ar Global Gateway Tá Global Gateway leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Ardionadaí an Aontais Eorpaigh. Is é atá i gceist leis straitéis Eorpach nua chun borradh a chur faoi naisc chliste, ghlana agus shlána sna hearnálacha digiteacha, fuinnimh agus iompair agus chun córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain. Tabharfaimid tacaíocht d’infheistíochtaí cliste i mbonneagar ardcháilíochta, agus na caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil is airde á n-urramú againn, i gcomhréir le luachanna agus caighdeáin an Aontais. Teimpléad don chaoi ar féidir leis an Eoraip naisc níos athléimní a thógáil leis an domhan is ea an straitéis Global Gateway. Idir 2021 agus 2027, cuirfidh Team Europe suas le €300 billiún d’infheistíochtaí ar fáil do thionscadail inbhuanaithe ardcháilíochta, agus riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta á gcur san áireamh agus sochair fhadtéarmacha á gcinntiú do phobail áitiúla ag an am céanna. Leis sin, beidh comhpháirtithe an Aontais in ann a sochaithe agus a ngeilleagair a fhorbairt, ach cuirfidh sé deiseanna ar fáil freisin d’earnáil phríobháideach na mBallstát infheistíocht a dhéanamh agus fanacht iomaíoch, agus na caighdeáin chomhshaoil agus saothair is airde á gcinntiú ag an am céanna, mar aon le bainistíocht fhónta airgeadais. Is é Global Gateway an méid atá á dhéanamh ag an Aontas chun an bhearna infheistíochta dhomhanda a laghdú ar fud an domhain. Tá sé i gcomhréir leis na gealltanais a thug ceannairí G7 i mí an Mheithimh 2021 comhpháirtíocht bonneagair atá bunaithe ar luachanna, atá ar ardchaighdeán agus atá trédhearcach a sheoladh chun freastal ar riachtanais forbartha bonneagair domhanda. Tá Global Gateway ag teacht go hiomlán le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus lena Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, chomh maith le Comhaontú Pháras. Ba é an chéad chloch mhíle a bhí ag Global Gateway an Pacáiste Infheistíochta idir an Afraic agus an Eoraip inar tiomnaíodh thart ar €150 billiún d’infheistíocht chun an comhar le comhpháirtithe na hAfraice a neartú. Chuireamar tús freisin le cur chun feidhme Global Gateway san Áise agus san Aigéan Ciúin, agus i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib, áiteanna ar fhógair an tUachtarán von der Leyen go ndéanfadh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit infheistíocht dhomhanda €45 bhilliún iontu. In 2023 seoladh 90 príomh-thionscadal ar fud an domhain ar fud na hearnála digití, earnáil an fhuinnimh agus earnáil an iompair trí Global Gateway chun córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain. Tionscadail shuaitheanta Global Gateway - An tAontas Eorpach agus An AfraicGlobal Gateway - Meiriceá Laidineach agus an Mhuir Chairib Prionsabail Global Gateway Is múnla fadtéarmach é múnla Eorpach na nascachta iontaofa i dtíortha comhpháirtíochta agus tá sé ag teacht le leasanna agus luachanna an Aontais: an smacht reachta, cearta an duine agus noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta. Ag a chroílár táinfheistíochtaí cliste, glana agus slána i mbonneagar d’ardchaighdeánearraí, daoine agus seirbhísí a nascadh ar bhealach inbhuanaithe ar fud an domhain Is ar 6 phrionsabal atá comhpháirtíochtaí Global Gateway bunaithe: luachanna daonlathacha agus ardchaighdeáindea-rialachas agus trédhearcachtcomhpháirtíochtaí comhionannaglas agus glandírithe ar an tslándáilinfheistíocht a spreagadh san earnáil phríobháideach Príomhréimsí comhpháirtíochtaAn earnáil dhigiteachAeráid agus fuinneamhIomparSláinteOideachas agus taighde Tionscnaimh Global Gateway de réir réigiúin/tíre Cuirtear Global Gateway chun feidhme trí thionscadail i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib; sa Mheánoirthear, san Áise agus san Aigéan Ciúin; agus san Afraic Fho‑Shahárach. Tionscadail Global Gateway de réir réigiúin Foinsí maoiniúcháin suas le €300 billiúnin infheistíochtaí go dtí 2027 Cuirfear Global Gateway ar fáil trí chur chuige Team Europe, lena dtugtar le chéile an tAontas agus Ballstáit an Aontais lena n-institiúidí airgeadais agus forbartha. Féachtar freisin leis an earnáil phríobháideach a shlógadh chun infheistíochtaí a ghiaráil le haghaidh tionchar claochlaitheach. Baineann Global Gateway leas as na huirlisí airgeadais nua i gcreat airgeadais ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh 2021-2027, go háirithe an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (NDICI-Global Europe), an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) III, an chuid dhigiteach agus idirnáisiúnta den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ach freisin Interreg, InvestEU agus Fís Eorpach, clár taighde agus nuálaíochta an Aontais. Deiseanna maoiniúcháin agus foinsí maoinithe An scéala is déanaí 4 Aibreán 2025The European Union and Central Asia establish a Strategic Partnership during groundbreaking summit4 Aibreán 2025Joint press release on the EU-Central Asia Summit4 Aibreán 2025Factsheet: EU-Central Asia summit - Investing in the Future1 Aibreán 2025President Ursula von der Leyen in Uzbekistan to take the EU-Central Asia partnership to the next levelFéach na Doiciméid General publications1 Márta 2023Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí IdirnáisiúntaInfographics: Global Gateway 2023 Flagship projectsFind infographics that give an overview of projects around the world in 2023 1 NOLLAIG 2021Joint Communication: The Global GatewayTeangacha eile (23)български(224.9 KB - HTML)Íoslódáilespañol(186.61 KB - HTML)Íoslódáilčeština(185.75 KB - HTML)Íoslódáildansk(181.27 KB - HTML)ÍoslódáilDeutsch(188.94 KB - HTML)Íoslódáileesti(180.58 KB - HTML)Íoslódáilελληνικά(227.42 KB - HTML)ÍoslódáilEnglish(182.71 KB - HTML)Íoslódáilfrançais(192.47 KB - HTML)Íoslódáilhrvatski(181.82 KB - HTML)Íoslódáilitaliano(189.79 KB - HTML)Íoslódáillatviešu(185.89 KB - HTML)Íoslódáillietuvių(185.58 KB - HTML)Íoslódáilmagyar(192.91 KB - HTML)ÍoslódáilMalti(187.39 KB - HTML)ÍoslódáilNederlands(186.82 KB - HTML)Íoslódáilpolski(193.91 KB - HTML)Íoslódáilportuguês(188.59 KB - HTML)Íoslódáilromână(191.93 KB - HTML)Íoslódáilslovenčina(189.82 KB - HTML)Íoslódáilslovenščina(181.76 KB - HTML)Íoslódáilsuomi(183.69 KB - HTML)Íoslódáilsvenska(184.45 KB - HTML)Íoslódáil 1 NOLLAIG 2021Press release: Global Gateway: up to €300 billion for the European Union's strategy to boost sustainable links around the worldTeangacha eile (2)Deutsch(6.18 KB - HTML)Íoslódáilfrançais(6.18 KB - HTML)Íoslódáil 1 NOLLAIG 2021Questions and answers on Global GatewayTeangacha eile (2)Deutsch(6.18 KB - HTML)Íoslódáilfrançais(6.18 KB - HTML)Íoslódáil Naisc ghaolmhara Global Gateway sa chleachtasTairseach Comhpháirtíochtaí Team Europe
Foinsí fuinneamh in-athnuaite a mhéadú san AfraicSheol an Coimisiún Eorpach agus Poblacht na hAfraice Theas, in éineacht le Global Citizen, an feachtas gealltanais dar teideal ‘Uas-scálú a dhéanamh ar Fhoinsí In-athnuaite Fuinnimh san Afraic’. Leis an bhfeachtas, slógfar infheistíochtaí chun dlús a chur le tionscadail fuinnimh in-athnuaite ar fud na hAfraice agus cuideofar le daoine rochtain a fháil ar fhuinneamh inacmhainne agus le hastaíochtaí domhanda a laghdú.Tuilleadh eolais faoin bhfeachtas ‘Uas-scálú a dhéanamh ar Fhoinsí In-athnuaite Fuinnimh san Afraic’
Is múnla fadtéarmach é múnla Eorpach na nascachta iontaofa i dtíortha comhpháirtíochta agus tá sé ag teacht le leasanna agus luachanna an Aontais: an smacht reachta, cearta an duine agus noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta. Ag a chroílár táinfheistíochtaí cliste, glana agus slána i mbonneagar d’ardchaighdeánearraí, daoine agus seirbhísí a nascadh ar bhealach inbhuanaithe ar fud an domhain
4 Aibreán 2025The European Union and Central Asia establish a Strategic Partnership during groundbreaking summit
1 Aibreán 2025President Ursula von der Leyen in Uzbekistan to take the EU-Central Asia partnership to the next level
General publications1 Márta 2023Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí IdirnáisiúntaInfographics: Global Gateway 2023 Flagship projectsFind infographics that give an overview of projects around the world in 2023