Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
An Coimisiún Eorpach

Tuarascáil maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach 2021

Na príomh-mheigithreochtaí domhanda ag a mbeidh tionchar ar an Aontas Eorpach amach anseo

Díríonn Tuarascáil 2021 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach ar na príomh-mheigithreochtaí domhanda a leanfaidh de dhifear a dhéanamh don Aontas sna blianta amach romhainn: ón athrú aeráide, luasghéarú na teicneolaíochta agus an digitiú, go dtí athruithe móra eacnamaíocha geopholaitiúla agus déimeagrafacha.

climate icon

An t-athrú aeráide agus dúshláin chomhshaoil eile: Is é is dóichí gur mó ná 1.5℃ a bheidh an téamh domhanda sa scór bliain amach romhainn agus méadóidh sé i dtreo 2℃ roimh lár an chéid, rud a chuirfidh leis an mbrú atá ar shábháilteacht uisce agus bia ar fud an domhain. Faoi 2050, beidh cúnamh daonnúil ag teastáil ó 200 milliún duine agus is é is cúis leis sin éifeachtaí éiceolaíocha.

Digital icon

An hipearnascacht dhigiteach agus claochluithe teicneolaíocha: Tá gach seans ann go dtiocfaidh méadú ar líon na ngléasanna nasctha ó 30.4 billiún in 2020 go 200 billiún in 2030. Is é an toradh a bheidh ar nascthacht mhéadaithe réada, áiteanna agus daoine táirgí nua, seirbhísí nua, samhlacha nua gnó, agus pátrúin nua mhaireachtála agus oibre. A bhuí le huaillmhian cheannaireachta domhanda na hEorpa sa dá aistriú, d’fhéadfadh sí áit lárnach a bheith aici i margadh brabúsach atá ag teacht chun cinn agus cineálacha nua post a chruthú, cuir i gcás poist ghlasa in earnálacha atá bunaithe cheana féin agus in earnálacha atá ag teacht chun cinn. 

Government icon
An brú atá ar an daonlathas agus ar luachanna: Amhail ó 2020, bhí cónaí ar 34% de dhaonra an domhain i dtíortha ina raibh meath ag teacht ar an rialachas daonlathach, agus ní raibh cónaí ach ar 4% i dtíortha a bhí ag éirí níos daonlathaí. An mhífhaisnéis ar mórscála, í á cumhachtú ag uirlisí nua agus ardáin ar líne, beidh sí ina dúshlán méadaitheach do chórais dhaonlathacha agus is í a spreagfaidh cogaíocht faisnéise de chineál nua.
Global icon
Athruithe ar an ord domhanda agus ar an déimeagrafaíocht: Tá an domhan ag éirí níos ilpholaí de réir a chéile. Is cosúil gurb í an tSín an geilleagar is mó a bheidh againn ar domhan roimh dheireadh na ndeich mbliana seo, agus tá an fhéidearthacht ann go sáróidh an India an tAontas san fhiche bliain atá le teacht. Meastar gur 8.5 billiún duine a bheidh i ndaonra an domhain in 2030 agus 9.7 billiún in 2050, ach meastar go laghdóidh daonra an Aontas 5%, agus nach mbeidh cónaí ach ar bheagán níos mó ná 420 milliún ann faoi 2050.

Na hathruithe sin go léir, déanfaidh siad difear do shaoirse agus d’inniúlacht an Aontais chun gníomhú, dhá rud a fhágann go mbeidh gá le beart éifeachtach comhleanúnach.

10 réimse straitéiseacha chun ceannaireacht dhomhanda an Aontais a neartú

10 Strategic areas

Tá sé d’aidhm ag Tuarascáil 2021 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach an bealach a réiteach do bheartais agus do ghníomhaíochtaí atá deartha go maith agus a bheidh slán i bhfad na haimsire. Tá sé d’aidhm aici freisin an seasamh is fearr a thabhairt don Aontas chun na cuspóirí beartais fadtéarmacha a bhaint amach agus ról straitéiseach á imirt aige san ord domhanda ilpholach iomaíoch. Cuireann an tuarascáil taca faoin tábhacht a bhaineann le beartais chomhtháite inmheánacha agus sheachtracha atá nasctha le chéile. Tá cur chuige cuimsitheach á iarraidh inti freisin.

Leanfaidh an tAontas dá dhlúth-chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a threisiú chun an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an rathúnas a chur chun cinn, seasfaidh na Ballstáit le chéile i gcoinne gníomhaithe naimhdeacha agus déanfaidh an Aontas an gealltanas i dtaca le dul chun cinn a urramú. Neartóidh sé caidrimh atá chun tairbhe cách lena chomharsana agus le comhpháirtithe níos faide i gcéin. Beidh sé ar thús cadhnaíochta sa chomhar éifeachtach iltaobhach agus idir shaoránaigh agus gheilleagar an Aontais á gcosaint aige ar chleachtais éagóracha mhí-úsáideacha.

Is a bhuí leis an bpróiseas fadbhreathnaitheachta a sainaithníodh na 10 réimse mar réimsí straitéiseacha ar mhaithe le saoirse agus inniúlacht an Aontais chun gníomhú a chinntiú sna blianta amach romhainn:

  1. Córais sláinte agus bia atá inbhuanaithe athléimneach a chinntiú
  2. Fuinneamh dícharbónaithe inacmhainne a chinntiú
  3. Inniúlacht maidir le bainistiú sonraí, an intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha a neartú
  4. Soláthar amhábhar criticiúil a chinntiú agus a éagsúlú
  5. Seasamh domhanda an cheannródaí a chinntiú i dtaca le caighdeáin a leagan síos
  6. Córais eacnamaíocha agus airgeadais a fhorbairt atá athléimneach agus a sheasfaidh an aimsir
  7. Scileanna agus buanna a fhreastalaíonn ar uaillmhianta an Aontais a fhorbairt agus a choinneáil
  8. Acmhainneachtaí slándála agus cosanta a neartú agus rochtain ar an spás
  9. Obair i gcomhar le comhpháirtithe domhanda chun an tsíocháin, an tslándáil agus an rathúnas do chách a chur chun cinn
  10. Athléimneacht na n-institiúidí a neartú

Documents

  • 8 MEÁN FÓMHAIR 2021
Strategic Foresight Report - 2021

  • 8 MEÁN FÓMHAIR 2021
Strategic Foresight Report – 2021 - reader friendly version