Forbhreathnú ar an nGníomh um Margaí Digiteacha (DMA) Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, bunaítear sraith critéar oibiachtúil atá sainithe go soiléir chun ardán mór ar líne a cháiliú mar ‘gheatóir’ agus áirithítear leis go n-iompraíonn siad iad féin ar bhealach cothrom ar líne agus go bhfágann siad spás le haghaidh iniomaíochta. Tá an Gníomh um Margaí Digiteacha ar cheann de phríomhghnéithe na Straitéise Eorpaí Digití. Cad is geatóirí ann? Is ardáin dhigiteacha mhóra iad geatóirí a sholáthraíonn aon cheann de shraith réamhshainithe seirbhísí digiteacha (‘croísheirbhísí ardáin’), amhail innill chuardaigh ar líne, aipmhargaí, agus seirbhísí teachtairí. Tá an méid seo a leanas ag na cuideachtaí sin: seasamh láidir eacnamaíochta, tionchar mór ar an margadh inmheánach agus tá siad gníomhach i dtíortha éagsúla den Aontas; seasamh láidir idirghabhála, rud a chiallaíonn go nascann siad bonn fairsing úsáideoirí le líon mór gnólachtaí; suíomh daingnithe buanseasmhach sa mhargadh, rud a chiallaíonn go raibh a suíomh cobhsaí le himeacht ama. An 6 Meán Fómhair 2023 d’ainmnigh an Coimisiún Eorpach sé gheatóir den chéad uair - Alphabet, Amazon, Apple, ByteDance, Meta, Microsoft. Ar an iomlán, ainmníodh 22 chroísheirbhís ardáin a sholáthraíonn na geatóirí sin. Cén tairbhe atá le baint as an nGníomh um Margaí Digiteacha? Úsáideoirí gnó atá i dtuilleamaí na ngeatóirí lena gcuid seirbhísí a thairiscint ar an margadh aonair, is cothroime an timpeallacht ghnó a bheidh ann do na húsáideoirí sin. Beidh deis ag lucht nuálaíochta agus ag gnólachtaí teicneolaíochta nuathionscanta dul san iomaíocht i dtimpeallacht na n-ardán ar líne, agus nuálaíocht a dhéanamh ann, gan ceangal a bheith orthu téarmaí agus coinníollacha éagothroma a chomhlíonadh agus teorainn a chur ar a gcuid forbartha dá réir. Is líonmhaire agus is fearr an rogha seirbhísí a bheidh ag na tomhaltóirí, is minice a bheidh deis acu dul i muinín malairt soláthraí más é is mian leo, beidh rochtain gan timpeall acu ar sheirbhísí, sin agus ar phraghsanna níos córa. Coimeádfaidh na geatóirí na deiseanna uile atá acu chun seirbhísí nua a cheapadh agus a chur ar fáil. Is amhlaidh nach gceadófar dóibh beag ná mór cleachtais éagóracha a chur ar úsáideoirí gnó ná ar chustaiméirí atá ina dtuilleamaí chun buntáiste nach bhfuil dlite dóibh. Oibleagáidí soiléire ar gheatóirí ar fud an Aontais Eorpaigh Leis na rialach nua bunófar oibleagáidí na ngeatóirí, an méid is ceart a dhéanamh agus nach ceart a dhéanamh a gcaithfidh siad cloí leis ina gcuid oibre ó lá go lá. Samplaí den mhéid is ceart a dhéanamh – beidh ar ardáin geatóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh: cead a thabhairt do thríú páirtithe idiroibriú le seirbhísí an gheatóra féin i gcásanna sonracha áirithe;rochtain a thabhairt dá n-úsáideoirí gnó ar an eolas a ghineann siad agus iad ag úsáid ardán an gheatóra;na huirlisí riachtanacha agus an t-eolas riachtanach a sholáthar do na cuideachtaí a dhéanann fógraíocht ar a n-ardán ionas go bhféadfaidh lucht fógraíochta agus foilsitheoireachta fíorú neamhspleách dá gcuid féin a dhéanamh ar fhógraí dá gcuid atá á n-óstáil ag an ngeatóir;ligean do na húsáideoirí gnó atá acu a dtairiscint a chur chun cinn agus conarthaí a thabhairt i gcrích lena gcuid custaiméirí féin lasmuigh d’ardán an gheatóra. Sampla den mhéid nár cheart a dhéanamh – Ní ceadmhach d’ardáin geatóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh feasta: tús áite a thabhairt do na seirbhísí agus na táirgí a thairgeann an geatóir féin thar seirbhísí agus táirgí a thairgeann tríú páirtithe ar ardán an gheatóra;cosc a chur ar thomhaltóirí nasc a dhéanamh le gnólachtaí lasmuigh dá gcuid ardán féin;cosc a chur ar úsáideoirí díshuiteáil a dhéanamh ar aon bhogearraí nó aip réamhshuiteáilte dá mba mhian leo sin a dhéanamh;úsáideoirí deiridh a rianú lasmuigh de chroísheirbhís ardáin an gheatóra chun críche fógraíochta spriocdhírithe, gan toiliú éifeachtach a bheith deonaithe. Féach na cásanna, na ceannacháin agus na nuashonruithe maidir le hoibleagáidí is déanaí Cé na hiarmhairtí a bheidh ar an neamhchomhlíonadh? Fíneálachasuas le 10% de láimhdeachas iomlán domhanda bliantúil na cuideachta, nó suas le 20% i gcás sáruithe a dhéantar arís agus arís eileÍocaíochtaí pionósacha tréimhsiúlasuas le 5% den mheánláimhdeachas laethúilRéitighI gcás sárú sistéamach a dhéanfadh na geatóirí ar a gcuid oibleagáidí faoin nGníomh, tharlódh go gcuirfí réitigh bhreise i bhfeidhm ar na geatóirí ach fiosrú margaidh a dhéanamh ar dtús. Réitigh den chineál sin, ní mór dóibh a bheith i gcomhréir leis an gcoir a rinneadh. Más gá agus sa chás nach bhfuil an dara rogha ann, is féidir leigheasanna neamhairgeadais a fhorchur. Ina measc sin tharlódh réitigh struchtúrtha agus réitigh iompraíochta e.g. dífheistiú ar (chodanna) de ghnólacht. An bhrí atá leis na rialacha nua d’úsáideoirí, do ghnólachtaí agus d’ardáinÚsáideoiríTuilleadh eolais faoi rialacha nua na n-úsáideoiríGnólachtaíTuilleadh eolais faoi rialacha nua na ngnólachtaíArdáinTuilleadh eolais faoi rialacha nua na n-ardán Deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh na n-ardán Go dtí seo, thug tionscnaimh reachtacha náisiúnta na mBallstát aghaidh ar chuid de na fadhbanna a sainaithníodh ach bhí siad freisin ina gcúis le hilroinnt rialála breise san Aontas Eorpach. D’fhéadfadh sé sin costais chomhlíontachta bhreise a chruthú le haghaidh na n-ardán a oibríonn ar bhonn trasteorann. Na hathruithe a dhéanann an Gníomh nua um Margaí Digiteacha: Tá oibleagáidí atá sainithe go soiléir ag geatóirí nach mór dóibh a urramú. Ní bheidh ardáin eile, cuir i gcás gníomhaithe beaga, FBManna ná gnólacht nuathionscanta nuálacha, faoi réir na rialacha seo ach beidh siad in ann leas a bhaint as iompair níos cothroime agus gnó á dhéanamh acu leis na geatóirí. Costais chomhlíontachta laghdaithe le haghaidh na ngeatóirí agus a n-úsáideoirí gnó. Conas a dhéanfaidh an Coimisiún deimhin de go bhfanfaidh an Gníomh bord ar bord leis an earnáil dhigiteach agus í ag forbairt léi go tapa? Lena chinntiú go bhfanfaidh na rialacha nua geatóireachta bord ar bord le fuinneamh mór na margaí digiteacha, déanfaidh an Coimisiún fiosruithe margaidh a chur i gcrích. Fágfaidh sin go bhféadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh: cuideachtaí a cháiliú ina ngeatóirí; nuashonrú dinimiciúil a dhéanamh ar oibleagáidí na ngeatóirí nuair is gá sin; réitigh a dhearadh le troid i gcoinne sáruithe córasacha ar rialacha an Ghnímh um Margaí Digiteacha. Doiciméid 12 DEIREADH FÓMHAIR 2022Regulation on Digital markets act Naisc ghaolmhara An Gníomh um Margaí Digiteacha